|
||||||||||||||||||
| Flicking the Tripswitch
Bhí mé ag coirm cheoil i nGlaschú i mí Eanáir na bliana seo agus bhí buíon ar an chlár nach raibh me ag dúil leo – At First Light. Ar an oíche, thaispeáin an cúigear chomh maith is ata siad i mbun cineálacha éagsúla ceoil agus, lan chomh tábhachtach, go raibh siad ábalta dul i bhfeidhm ar teagmháil a dhéanamh leis an lucht éisteachta, gur thuig siad go seinneann tú ceol le pléisiúr a thabhairt do dhaoine eile, chan amháin duit féin. Is é an deá-scéal é go bhfuil albam amuigh ag an ghrúpa, ainneoin gur bheaichte albam John McSherry agus Donal O’Connor agus cairde a thabhairt air - ainneoin go bhfuil na cairde sin mar bhall de At First Light. Confused? Thosaigh McSherry agus Michael McGoldrick ag seinm le cheile agus rinne siad albam i 2001 dar teideal At First Light. Anois, is fearr dom an scéal a fhágáil ag Dónal O’Connor. “Rinne John agus Mike an ceirnín cúig bliana ó shin agus cuireadh scaifte ceoltóirí le cheile leis an albam a phromotáil ach níor bunaíodh grúpa foirmealta dar teideal At First Light, i bhfirinne. Ansin, bhí mí féin, John agus Mike ag gígeáil lena cheile mar At First Light ach d’imigh Mike, agus lean mé féin agus John ar aghaidh. Mar sin is cineál tús úr é seo de thionscnamh ceoil ar a thugtar At First Light,” a mhínigh se. Inniu, is iad John, Donal, Francie McIlduff, Rubén Bada ó Asturias, agus meascán de Tony Burke agus Alan Burke ar an ghiotár baill At First Light. Tripswitch atá ar an albam nua agus bhí smaointe dearfa ag John agus Donal ón tús fan chineál ceoil a bheadh air. “An coincheap a bhí taobh thiar den albam seo,” ar se, “ní raibh muid ag iarraidh an seanfhoirmle a leanstan. “Bheadh an ceol mar thonnta agus go mbeadh píosaí taobh istigh de phíosaí eile. “Sílim gur ceann de na fadhbanna atá againn ná go seinneann muid achan rud í bhfad ró-ghairid. “Sa Bhriotáin, piocann siad tiúin amháin amach agus seinneann siad arís agus arís eile é, ag oscailt an tiúin amach, a tharraingt as a cheile, ag cur rudaí leis. “In Éirinn, seinneann muid tiúin b’fhéidir trí huaire agus tá an tuin thart sula dtig leis an lucht éisteachta aithne a chur air. “Ar Tripswitch, bhí muid ag iarraidh go mbeadh níos mó repetition ann, setting up of grooves, agus go dtabharfadh muid am do dhaoine an ceol a ghlacadh isteach mar is ceart,” ar se. Tá cúpla seod ar Tripswitch, an teidealrian é féin, an fonn mall Both Ghe, agus Aille’s Arabesque/Tell her I am. Tá ceol as Asturias, as an Bhriotáin, tá ceol traidisiúnta na hÉireann ann, tá ceol nuachumtha ann ach an raibh fís ag an bhuíon ar an chineál ceoil a bhí siad ag iarraidh a dhéanamh. “Tá a fhios againn cad é is maith linn agus cad é nach maith linn, níl muid ceanúil ar an dord mar go maraíonn se an bheocht agus gairbhe an cheoil, dar linn. “Ach is aoibhinn linn an bouzouki agus an giotár le cheile, is maith linn an bodhrán mar a sheinneann Francie McIlduff, go domhain agus go láidir ar nós Christy Moore agus Dónal Lunny i bPlanxty, mar sin bhí muid ag iarraidh an fhuaim sin a athchruthú ach é a thabhairt ait éigin eile, le ceol as an Eoraip agus sna píosaí nuachumtha atá cumtha agam féin agus ag John,” arsa Dónal. An toradh ata air seo na an fhidil agus na píopaí ar bharr agus na giotáir agus an bodhrán fite fuaite, faoi agus thart air agus is léir gur éirigh le At First Light a stil a thabhairt ait éigin eile. Cluinfidh tú píosaí ar an albam nár chuala tú riamh roimhe, ach silfidh tú go bhfuil aithne agat orthu. Tá Tripswitch amuigh anois ach beidh lainseáil eile ar an 16u Aibreáin sa Spirit Store i nDún Dealgan, ag toiseacht ar a 9pm. |
||||||||||||||||||
| © 2005 - 2006 At First Light | All Rights Reserved
| Website Designed and Developed by: Murrough O'Kane |
||||||||||||||||||